Ceisteanna Coitianta

Cá háit a bhfuil láthair na féile? Cá háit a mbeidh muid ag campáil?

https://goo.gl/maps/6RWsATm7dLS2

An bhfuil glampáil ann?

Níl, agus ní bheidh.

An mbeidh citheanna agus leithris ar an láthair?

Beidh leithris sa láthair champála agus ar fud na páirce. Chomh maith leis sin tá club theach in aice na páirce le leithris sa bhreis agus dhá sheomra citheanna, d’fhir agus do mhná. Is citheanna oscailte iad, ar an ábhar sin molann muid go dtugann daoine leo culaith snámha agus flip flopanna.

An mbeidh beár ann?

Ní bheidh ar láthair na páirce ach tá Club Ráth Chairn 3 bhomaite siúil ón pháirc. Glacann siad le cartaí agus bíonn neart cannaí fuara srl. ar fáil ann. Tá cead ag lucht freastail na féile a cuid dí féin a thabhairt leo ach ní cheadaítear gloine ar an pháirc.

An mbeidh bears ann?

Níl a fhios againn go fóill.

An mbeidh bia ann?

Beidh bia ar fáil ar láthair na páirce ó Chaifé Ráth Chairn, Feirm Organach Loch Uaill agus Blasta (Tex-Mex). Beidh roghanna veigeánacha ar fáil ó na soláitheoirí bídh. Beidh bus mór dearg ag díol tae agus caifé ó mhaidin go hoíche.

An bhfuil ATM in Ráth Chairn?

Níl, ach glactar le cártaí sa Chlub agus thig cash back a fháil ach tá teorann laethúil ar an seirbhís seo. Sin ráite, molann muid go dtugann daoine leo roinnt airgid gan barraíocht brú a chur ar an chóras.

An mbeidh busanna ag teacht ó Bhéal Feirste agus Baile Átha Cliath?

Beidh, coinnigí súil ar ár Facebook agus Twitter.

An bhfuil cead ag páistí freastal ar an fhéile?

Beidh Lá Teaghlaigh á reáchtáil ag Glór na nGael ar an 16/6/18 i bPáirc Chuimhneacháin Ráth Chairn mar pháirt den fhéile. Tá Páirc Chuimhneacháin Ráth Chairn suite trasna ón tséipeal.

Tá cead ag páistí freastal ar an fhéile roimh an 8 a’chlog, ach go mbeadh duine os cionn 24 leo agus go hiomlán freagrach astu. Níl cead ag páistí faoi 18 a bheith sa láthair champála in am ar bith.

An bhfuil lóistín ar fáil i Ráth Chairn?

Bíonn tithe ar an bhaile sásta daoine a choinneáil, beidh muid ag foilsiú liosta de na tithe seo agus sonraí teagmhála gan mhoill. Tá lóistín ar fáil i mBaile Átha Buí (10 mbomaite ó RC) agus Baile Átha Throim(15 bomaite ó RC). Tá seirbhís tacsaí áitiúil ar fáil fosta ó Donie Quinn Taxis 0469436009.