Is grúpa ildánach, cruthaíoch iad Niteworks a mheascann
gaidhlig agus ceol traidisiúnta le tionlacan leictreonach chun fuaim úrnua
spleodrach a chruthú. Sa mbanna tá Ruairidh Graham, Allan MacDonald,
Christopher Nicolson agus Innes Strachan. Bhí an-rath ar an gcéad EP
‘Niteworks: Obair Oidhche’ a d’eisigh siad sa mbliain 2011 agus mar thoradh ar
sin bhuaigh siad an duais ‘Up and Coming Artist of the Year’ ag Gradaim ceoil
traidisiúnta na hAlbain i 2012. D’eisigh siad albam NW i 2015, le leithidí
Kathleen ManInnes, Fiona Macaskill, Andrew MacPherson & Hamish Napier, a
ghnóthaigh aird agus moladh mór go hidirnáisiúnta.
Is deacair fuaim Niteworks a bhuaileadh agus iad ag seinnt beo mar a léiríodh
ag na ceolchoirmeacha atá déanta acu go dtí seo i nGlaschú, ag Hogmanay 2018 i
nDún Éideann agus ag féilte fud fad na hAlbain.
Tá muid ag súil go mór iad a bheith linn ag Féile na Gealaí 2018, don chéad gig
atá déanta acu in Éirinn ariamh!
Blaiseadh don cheol.
Beirigí bhur mbróga rince libh, seo ceol ó thalamh a chuirfidh ag pocléim sibh go léir le ceol Iarthar Chiarraí. Is iad Pádraig Ó Sé, ar an mbosca ceol, Gary O Brien ar an ngiotar, Robbie Harris ar na drumaí agus Jeremy Spencer ar an bhfidil a thugann splanc fuinnimhe do Chlub na Féile ag Oireachtas na Gaeilge le meascán polcaí, sleamhnáin, polcaí, ríleanna, polcaí, poirt, agus ar luaigh muid polcaí? Anois, gach duine le chéile... A hAON, A DÓ, A TRÍ, A CEATHAIR!
Is eispéireas lán-fhuinnimh é Scannal a mheascann Ceol Traidisiúnta le Ceol Comhaimseartha agus Damhsa. Meascann siad ríleanna agus polca le ceol leictreonach. Beidh Peter Staunton (léiritheoir SUPER CÉILÍ) ar an chairdín mar aon le Bréanainn Ó Beaglaoich ar an ghiotár. Tá clú agus cáil ar an bheirt seo ar fud na hÉireann agus is cinnte go mbeidh fonn damhsa ort ag éisteacht leo.
“Begley and Cooney at their peak transposed into a time machine with an alter ego that freely mixes 90’s pop rap and disco styles”. – Irish Music MagazineIs threesome Hip-Hop iad Kneecap as Béal Feirste. Móglaí Bap, Mo chara agus DJ Próvaí atá sa bhanna.
Chuir siad amach amhrán agus físean úr C.E.A.R.T.A amach i mí na Nollag agus tá breis agus 180k duine ina dhiaidh amharc ar an fhísean. Ina bhfocail fhéin “Sin focan loads like.” Bhuaigh siad duaiseanna ‘Físeán na Bliana’ agus ‘ Nuíosach na Bliana’ ag Gradam Cheoil Nós 2018. Beidh siad ag taifead tuilleadh ceoil agus físeáin nua go luath le cabhair ón bpobal.Is ceoltóir agus scríbhneoir amhráin é J.J. as cathair Dhoire, a tháinig i réim go mór lena fhíseáin YouTube inar thaifead sé leaganacha Gaeilge d’amhráin mhóra na gcairteacha.
Tá os cionn 42,000 buille aimsithe ag a leagan Gaeilge de I’m yours, agus clú agus a cáil air i measc Choláistí Samhraidh Thír Chonaill ó shin.
Le blianta beaga anuas tá J.J. ag cumadh amhrán spreagúil atá ag cur lena iomrá mar chumadóir amhrán, mar atá ‘Le cuidiú Dé‘ agus ‘A Ghaela, Tógaigí bhur gcroíthe‘, a bhain áit amach ar ghearrliosta ‘Amhrán Nua-Chumtha na Bliana’ ag Gradaim Cheoil NÓS 2015.Is amhránaí agus giotáraí óg í Emma Ní Fhíoruisce a tháinig i réim leis an ghrúpa An Crann Óg i nGaoth Dobhair. Bíonn sí anois ag seinnt go haonarach ar stáitsí agus féilte ar fud na cruinne ina measc Fleadh Cheoil na hÉireann, Templebar Trad Fest, Celtic Connections, Féile Naomh Pádraig Madrid agus anseo ag Féile na Gealaí. Faoi láthair tá sí ag obair ar a céad albam aonair agus súil aici é a sheoladh go luath.
Is as Béal Feirste don ghrúpa ceoil Abhainn Bheara. Tháining an banna le chéile níos lú ná bliain ó shin chun an Ghaeilge a spreagadh le ceol uathúil s’acu.
Tá suim ollmhór ag an ghrúpa i gceol reigé, sna gormacha agus sa sean-nós. Bíonn siad ag canadh aistriúcháin scaoilte d’amhráin cháiliúla thar cheol bríomhar i meascán seánraí eagsúla chun fuaim úrnua a chur le teanga na Gaeilge.
Grúpa de cheathrar cheoltóirí, an ghrúpa is déanaí le
theacht as Gaeltacht na Mí. Grúpa bríomhar lé sár cheoltóirí agus amhránaithe,
a bhíonn le cloisteáil fud fad na tíre agus níos faide i gcéin. Is cinnte gur
gcuifidh siad fonn damhsa oraibh leis an meascán ceol traidisiúnta, amhráin ar
an sean-nós agus ceol tíre a sheinneann siad.
Rath Chairn
Co. Mí
Éire