Niteworks

Is grúpa ildánach, cruthaíoch iad Niteworks a mheascann gaidhlig agus ceol traidisiúnta le tionlacan leictreonach chun fuaim úrnua spleodrach a chruthú. Sa mbanna tá Ruairidh Graham, Allan MacDonald, Christopher Nicolson agus Innes Strachan. Bhí an-rath ar an gcéad EP ‘Niteworks: Obair Oidhche’ a d’eisigh siad sa mbliain 2011 agus mar thoradh ar sin bhuaigh siad an duais ‘Up and Coming Artist of the Year’ ag Gradaim ceoil traidisiúnta na hAlbain i 2012. D’eisigh siad albam NW i 2015, le leithidí Kathleen ManInnes, Fiona Macaskill, Andrew MacPherson & Hamish Napier, a ghnóthaigh aird agus moladh mór go hidirnáisiúnta.
Is deacair fuaim Niteworks a bhuaileadh agus iad ag seinnt beo mar a léiríodh ag na ceolchoirmeacha atá déanta acu go dtí seo i nGlaschú, ag Hogmanay 2018 i nDún Éideann, sna Barrowlands i nGlaschú agus ag féilte fud fad na hAlbain.

Bhí siad linn ag Féile na Gealaí 2018 agus tá ríméad orainn go mbeidh siad ar ais linn i 2019!

Daithí

Is ceoltóir agus léiritheoir ceoil leictreonach é Daithí as Co. an Chláir. Tháinig sé chun solas ar na cláir teilifíse ‘All Ireland Talent Show” anseo in Éirinn agus “Must be the Music” ar Sky 1. Ó shin, tá sé ag dul ó neart go neart, ag seinnt ag féilte ar nós Body and Soul, Castlepoolaza, Liú Lúnasa, Picnic Leictreach agus go leor eile. Tá trí EP/albam eisithe aige go dtí seo agus bhí péire dá chuid traic “Chameleon Life” agus “Mary Keanes Introduction” ainmnithe le haghaidh gradam ‘Choice Music Prize’.

Scannal

Is eispéireas lán-fhuinnimh é Scannal a mheascann Ceol Traidisiúnta le Ceol Comhaimseartha agus Damhsa. Meascann siad ríleanna agus polca le ceol leictreonach. Beidh Peter Staunton (léiritheoir SUPER CÉILÍ) ar an chairdín mar aon le Bréanainn Ó Beaglaoich ar an ghiotár. Tá clú agus cáil ar an bheirt seo ar fud na hÉireann agus is cinnte go mbeidh fonn damhsa ort ag éisteacht leo.

“Begley and Cooney at their peak transposed into a time machine with an alter ego that freely mixes 90’s pop rap and disco styles”. – Irish Music Magazine
Kneecap

Is triúir Hip-Hop iad Kneecap as Béal Feirste. Móglaí Bap, Mo chara agus DJ Próvaí atá sa bhanna.

Chuir siad amach amhrán agus físean úr C.E.A.R.T.A amach i mí na Nollag 2017 agus tá breis agus 200k duine ina dhiaidh amharc ar an fhísean. Ina bhfocail fhéin “Sin focan loads like.” Bhuaigh siad duaiseanna ‘Físeán na Bliana’ agus ‘ Nuíosach na Bliana’ ag Gradam Cheoil Nós 2018. D’eisigh siad mixtape 3CAG i 2018, chuaigh siad ar camchuairt timpeall na tíre i ndiaidh a chéad gig iomlán ag Féile na Gealaí 2018 agus thug siad leo 5 gradaim ag Gradam Cheoil Nós 2019 - Amhrán na Bliana, Albam na Bliana, Fiseán na Bliana, Banna na Bliana agus Ealaín na Bliana. Tá an-tóir ar a gcuid ceoil agus beidh siad le feiceáil ag neart féilte an samradh seo, Féile na Gealaí ina measc.
Bréag

Grúpa Reggae/Ska iad Bréag as Béal Feirste atá ar an saol le 25 bliain anuas. Tá Bréag i clú agus cáil a bhaint amach dhóibh fhéin ag seinnt ceolchoirmeacha ud fad na hÉireann agus thar lear. Thar na blianta, bhí siad ar an ardán le leithidí Shane McGowan, The Hothouse Flowers, Alabama 3 agus KÍLA.
Clann Mhic Ruairí

Ceathrar deartháireacha, Tony, Aodh, Sean, Dónal agus iníon Tony, Megan atá sa ghrúpa traidisiúnta ceolmhar seo as Rann na Feirste, atá i nGaeltacht Thír Chonaill. Cuireann siad i láthair a gcuid amhrán dúchasacha le casadh comhaimseartha agus cuideachta ach mar sin féin táthar dílis d'anam traidisiúnta na n-amhrán. Creideann siad go láidir i gcaomhnú agus i gcur chun cinn thraidisiún amhranaíochta Rann na Feirste agus an tábhacht a bhaineann leis an traidisiún seo a thabhairt ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile.

Emma Ní Fhíoruisce

Is amhránaí agus giotáraí óg í Emma Ní Fhíoruisce a tháinig i réim leis an ghrúpa An Crann Óg i nGaoth Dobhair. Bíonn sí anois ag seinnt go haonarach ar stáitsí agus féilte ar fud na cruinne ina measc Fleadh Cheoil na hÉireann, Templebar Trad Fest, Celtic Connections, Féile Naomh Pádraig Madrid agus anseo ag Féile na Gealaí. Faoi láthair tá sí ag obair ar a céad albam aonair agus súil aici é a sheoladh go luath.

Méabh Ní Bheaglaoich

Boscadóir agus amhránaí í Méabh Ní Bheaglaoich a rugadh agus tógadh i mBaile na bPoc i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Thosnaigh sí ag seimint an bhosca ceoil nuair a bhí sí ceithre mbliana d'aois. Tá sí tar éis bheith páirteach i go leor tograí agus taistil leis an gceol ó shin i leith. Tá camchuairteanna ceoil tugtha aici ar Meirice, Albain, Mór-roinn na hEorpa, An tSeapáin agus An Téaváin. Bhí sí ina cuid des na bannaí ceoil Solas agus Cuas, agus ghlac sí páirt sa mhórthogra ilealaíona 'Aisling' le leithéidí Máiréad Ní Mhaonaigh, Johnny Óg Connolly agus Caoimhín Ó Fearghaíl. D'eisigh sí an t-albam Cuisle i gcomhpháirt leis an ngiotáirí Matt Griffin, agus tá singil dá hamhrán féincumtha 'Amhrán na nGael, díreach eisithe aici.


Róisín Seoighe

Is cumadóir, ceoltóir, amhránaí agus damhsóir í Róisín Seoighe as Conamara. Thosaigh sí ag canadh agus ag damhsa ag aois an-óg agus thug sí faoin gcumadóireacht agus í ina déaga. Thug sí lei an chéad áit sa Preda Freedom Day Song Competition lena amhrán ‘Freedom Song’ chomh maith le Gradam Nós 2017 agus Gradam Scléip a bhuachaint dá cumadóireacht i nGaeilge. Ghlac sí páirt sa mhórthogra ilealaíona ‘Aisling’ le leithidí Johnny Óg Connolly, Máiréad Ní Mhaonaigh agus Eoghan Mac Giolla Bhríde. Tá ardmholadh faighte aice uaidh amhránaithe agus ceoltóirí thar na bliana ina measc Damien Dempsay a dúirt gur thug sí na deora leis lena cuid ceoil.

Tadhg & Geal


Ceoltóir óg, ildánach as Ceatharlach é Tadhg Ó Grifín. Bíonn sé ag canadh i nGaeilge agus i mBéarla. Thug sé leis neart duaiseanna thar na blianta ag comórtas ar nós Scléip Gael Linn agus an Feile Pan-Ceilteach. Scríobhann sé a cheol fhéin agus bhí sé ar an ardán lena bhanna ceoil ag an bPicnic Leictreach i 2018 agus Gradam Nós 2019.

Vigilanti


Is as Doire Colmcille don rógaire rap Vigilanti. Díríonn a chuid ceoil ar fhadhbanna sóisialta atá le feiceáil ar shráideanna na hÉireann ina measc daoine gan dídeán, bochtanas agus lámhach pionóis. Rinne Vigilanti set gairid ag Féile na Gealaí na bliana seo caite, sheinn sé ag an bPicnic Leictreach agus bhí sé le feiceáil ar an ‘Cabaret Craiceáilte @25’ ar TG4.

Oisín Mac


Is rapálaí agus ceoltóir hip hop as Cill Mhantáin é Oisín Mac. Tá Oisín ag cumadh leis le tamall de bhlianta anuas agus is minic go mbíonn sé ar an ardán ag gigeanna Gaeilge fud fad na tíre.

An Chéad Ghlúin eile


Deifiúireacha as Ráth Chairn iad Máire agus Étáin Ní Churraoin. Tá siad ag casadh amhráin le chéile ó rugadh iad agus bíonn gigeanna rialta acu sa gClub áitiúil i Ráth Chairn agus fud fad na Mí. Bhí siad le feiceáil ar FleadhTV i nDroichead Átha i 2018.

DJ Conchubhar


Ceoltóir as Condae an Chláir atá aitheanta as a bheith ag seinnt ar an bhfeadóg mhór. Le blianta beaga anuas tá sé ag tabhairt faoin gceol leictreonach agus ag meascadh ceol damhsa le ceol traidisiúnta.